Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 10_016
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé síos "port na coire ag a h-aon a clogh. Bhí sé ag leigint a sgíth aus d'airigh sé torann. Tháinig faithchíos mor air agus ní leigfeadh an fhaitchíos dó breathnugad thart. Scairtéadh solac taob thoir de. Luigh sé ar an talamh faoí an gclaidhe le faitchíos. Tháinig rud geal anuas an bóthar agus d'imthigh sé sios tairis. Ar an bpoinnte is fuair sé ímthighthe sios é, rith sé suas an bóthar. Caitheadh clocha leis. Níor raibh aon ach gur mhair sé le faitchíos. Rith ceann de na clocha anall ag a cosa sí í. Rith sé ar deire chomh maith agus bhí sé nuair a tháinig sé go claidhe árd, Suide sé síos lena sgit a leigint. Thainig daoine aníos agus rugadar air. Thugadar suas an bóthar leó é. Bhuaileadar go mór é ach dubhairt duine aca ar deire é a leigint abhaile. Marach sin, Marbhochthaí é. Chuaidh sé abhaile é go duna le na raibh ' buailte air.
- Bailitheoir
- Tomás Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe