School: Béal Easa (Buachaillí)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: M. Ó Gábhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchus i dtaobh na h-AimsireDeirtear go mbíonn báisteach ag teacht nuair a chítea[r] mada ag ithe féir.
Ta fearthainn air freisin nuair atá a lán préacháin ag eitilt sa spéir.
Nuair atá cat 'na shuidhe cois teine deirtear go mbeidh fearthainn ann.
Duine a fheiceann cat ag scíobadh ádhmaid deireann s[é?] gp bhfuil feartainn air.
Nuair atá fainne thart ar an ghealach tá fearthainn air.
Nuair atá línte le feiceál ar loch deirtear go bhfuil fearthainn le teacht.
Má tá loch ag déanamh gleo sin comartha go bhfuil fearthainn air freisin
Nuair atá damhain eala ag dul suas an falla sin comartha fearthainne.
Préachán agus faoilléan le céile sin comhartha go mbeidh stoirm ann.
An sughadh ag tuitim sin comhartha go bhfuil stoirm ag teacht.
Na fáinleoga ag eitilt go h-íseal sin comharth[a] fearthainne.
Má tá deannach ag éirigh ó'n mbóthar beidh fearthainn.(continues on next page)