School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 112
- XML “Cábán an Aifrinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cábán An AifrinnTá Cábán an Aifrinn taobh thíos do teach a' Phobail i Baile Chruaidh, timcheall cuig cead slat taobh do láimhe chlé ag dul síos ar an bhothar go Beannachor duit ar talamh Micheál Ó Domhnaill.Sé an t-adhbhar a raibh an tAifreann ag Cábán an Aifrinn mar bhí muintir Baile Chruaic in a dhá leith ag troid ar feadh trí Domhnach déag agus ní tháinic leis an tsagart an tAifreann a ráidt ag an teach a' Phobail.'Sé an tadhbhar a bí leis an troid seo. Dubhairt fear le fear eile go raibh ceannaidhe ins an oidhche in a theach agus gur mharbhuigh sé é agus gur robáil sé é agus gur chuir sé ins an oidhche é.Chuaidh an fear go dtí an sagart agus d'innis sé an sgéal dó. Dubhairt an sagairt leis an fear seo a imteacht leis ar fud an domhain agus an ceannaidhe a fhághail agus a thabhairt go Baile Chruaich.D'imthigh an fear agus fuair sé an ceannaidhe agus thug sé go Baile Chruaich é. An céad Domhnach a tháinic bhí an ceannaidhe ag an Aifreann i mBaile Chruaic. Indiaidh an Aifrinn bhí an ceannaidhe ag siubhal síos agus suas anonn agus anall agus é ag ráidt níor mharbhuigh duine ar bith mé.Fuair Nell Níc Suibhne sin ó Mícheál Mac Ceamharcaigh (82) Tallacha, Baile Chruaich.
- Collector
- Mell Níc Suibhne
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Mac Ceamharcaigh
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Tallagh, Co. Mayo