School: Droimslaod (roll number 9898)

Location:
Drumsleed, Co. Mayo
Teacher:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droimslaod
  2. XML Page 218
  3. XML “Tobar Bunmór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (6) Bíodh seacht cloca beaga agat agus tú ag dul thart agus caith ceann isteach sa tobar ag gac turn.
    Tugtar turas ag an tobar ar intinn specialta. Uaireannata ar maithe leis an anam, mar coimhlíonadh ar geallamhaint, ag iarraidh leigheas ar aicíd, agus ar rudai saoghalta. Níl aon léigheas ann ar aicíd specíalta, acht deirtear go bhfuil sé go maith le athchuingi a fhághail má déantar i gceart. Is iomda chaoi atá ann leis an turas a dhéanamh.
    Ólann cuid dena daoine braon den uisge agus tugann siad cuid de abhaile.
    Is ceart beirt a bheith le chéile agus iad ag dhéanamh an turas agus má’s ar son na marbh atá tú á dhéanamh caithfidh triúr a bheith le chéile ar an intinn ceadna,
    Deirtear go bhfuil breac sa tobar agus má déantar an stáisiúin i gceart agus má tá do athchuinge le fágháil agat feicfidh tú é.
    Ba ceart rud eicint a fágáil ag an tobar, bonn, ribe gruaige no piosa éadaigh ceangailte ar cloich.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Níc Manamon
    Gender
    Female
    Address
    Dooreel, Co. Mayo