School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)

Location:
Glengarra, Co. Waterford
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 168

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 168

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Page 168
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo iad na h-ainmneacha atá ar na páirceanna sa feirm ag m'athair sa mbaile Páircín an Bóthair mar tá sé ar thaobh an bhóthair ag dul go dtí an portach. Páircín na Laoig mar is ann a coimeadtar na laoig óga fadó. An Páirc Sléibhteach, mar saghas sléibh a bhí ann fadó agus bhí aitinn agus fraoc ag fás ann agus bhíodh na caoraig ag inbhear ann agus do dheinead é reamhrú breis is fichead bliadhain ó shoin agus tá sé cosamhail le h-aon páirc san áit anois. Páircín an Gleanna mar tá sé ar thaobh an gleann. Páircín Bárr an Locan mar sé an páirc é ag dul isteach go dtí an loca. Páirc na Bothán mar bhí bothán déanta ann fadó agus do théigead na h-ainmhithe isteach ann sa Geimhreadh nuair a bhí an aimsir go h-olc.
    Seo iad na h-ainmneacha atá ar na h-aibhne atá timcheall na h-áite seo - an Múntán, Bóthairín na hUisce agus tobar Síobhán Núra. Seo é an fáth a tugtar Múntán air mar tá sruth beag ag éirighe ann. Seo é an fáth a tugtar Síobhán Núra air, mar bhí sean bhean in a comhnuide in aice an tobair agus d'éirigh an tobar i cladtach agus deirtear gur Síobhán Núra a chuir clocha timcheall air agus chuir sí stop
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Glengarra, Co. Waterford