School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)

Location:
Glengarra, Co. Waterford
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 239

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 239

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Page 239
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Is dócha go minic d'airigheas trácht ar an tinncéir sruaineach.

    Is dócha go minic d'airigheas trácht ar an tinncéir sruaineach. Is minic d'ár ndóigh mar níl fear, bean ná páiste ins an áit 'na toghadh mise, nár áirigh trácht ar an tinncéir ceudna i bparóiste Baile a Lubhadh a rugadh agus a thógadh é. Fear macánta dob eadh é, nach raibh aon cuir isteach ar aoinne, ní fear troid ná achrann é agus bhí bean aige, an bean ba macánta a bhfachas riamh ag tinncéir. Bhí an grádh ag an tinncéir ar a bhean agus bhíodh uaim de's na daoine do réir sin, bhí láirín riach aca a bhí tuirseach beag ón bóthar, bhí an tinncéir agus a bhean an-cheannmhail ag an láirín riach, níor thóg bean na tinncéirí pingin nó leath-phingin ó aoinne riamh, ach an cúpla pingin a thuilleadh an tinncéir annso is ansiúd ag deisiú corcán agus earraí stáin. Uaireannta thugaidís ar aghaidh ar Eochaill, uaireannta eile ar Dún Garbhán agus da rangh go mbeadh aireach iasc sa chuan, chuirfidís ualach cuacha agus díolfaidís thar nais é. Is mó bliadhain atá ann anois d'thángadar aníos bhóthair Siomacuidhe cughann, é féin agus a bhean agus an láirín uach agus do chuirfidís fuaraí i dtug airithe i Siomacuidhe. Fear ó chuantha Tiobradoirn do bheadh an tinncéir, bhí sé 'na buachaill oibre ag cuid de's na feirmeóirí nuair a bhí sé 'na buachaill oibre ag cuid de's na feirmeóirí nuair a bhí sé 'na buachaill óg bhí aithint ag an tinncéir ortha agus is dícha go raibh aithne ag an tinncéir ortha, agus is dócha go raibh aithne ag na buachaillí ag an dinnéir. Nuair a scur an tinncéir an láirín riach, scaoil sé amach ar an sliabh í agus annsan fuair sí aith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish