School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)
- Location:
- Glengarra, Co. Waterford
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad ainmneacha na páirceanna atá againn sa bhaile - an Páirc Nua, Páirc an Lofáin agus Páirc an Tobair. Tá Carraig Éamon cúig míle ó mo thigh-se. Dé cúis a glaonn siad Caraig Eamon ar an carraig seo? Bhí fear i bparróiste an Baile Póreen darbh ainm dó Pádraig Ó Fionáise. Ag féachaint air ní raibh aon dealramh ar fad air ach air a thon san is uile fear an-láidir dob eadh é. D'imthig sé go dtí an sáile in Eochaill nuair é féin agus a chomharsan. Fillpoc a bhí mar leas ainm air agus d'fhanad sé 'na codladh gach lá go dtí a naoi a clog. D'éireadh an fear eile agus bhuaileadh sé síos do'n gcé. Ag féachaint ar na mbáid agus na luing a bhíodh sé. Bhí captain an luing istig san arác agus nóta do cúig púint 'na lámh aige á rádh aoinne a thabharfadh fé'n imcar agus é thogaint ar a dhá lámh go mbeadh an airgead sin le fágáil aige. Bhí comharsan Pillpoc ag féachaint ar an gcaptain agus suas leis go dtí an áit a rabhadar ar lóistín agus chuir sé iaraibh air teacht na fhochair. Bhí a lán daoine ann ag féachaint ar an gcaptain. Tá an feor agam" arsa comharsan "Pillpot a thógfadh an amcar sin". Do fhéac an captain(continues on next page)
- Collector
- Míceal de Lundera
- Gender
- Male
- Address
- Glengarra, Co. Waterford