School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)

Location:
Glengarra, Co. Waterford
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 216

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 216

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Page 216
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí feirmeóir ann uair amháin agus bhí feár oibre aige, cheap an feirmeór go raibh sé an macánta, ach ní raibh...

    Bhí feirmeóir ann uair amháin agus bhí feár oibre aige, cheap an feirmeór go raibh sé an macánta, ach ní raibh. Nuair a bhíodh an feirmeór amuigh ag obair gach lá bíodh an fear oibre ag goid uaidh, gan fhios don fear. Tráthnóna amháin d'fhág sé doras tighe an bainne ar leath oscailt agus chuaidh sé i bhfolach. I gceann tamail tháinigh an fear oibre amach as tigh an bainne. Thug sé púnt mór den ime amach as tigh an bainne agus chuir sé i nduilleóig cabáiste é agus chuir sé fé a chaipín é. Níor leigh an feirmeóir dada air, ach tamaill 'na dhiaidh sin nuair a bhí an gaduidhe ag dul abhaile, glaodhach an féirmeóir air teacht isteach sa chistin, go raibh litir le scríobh aige le h-aghaidh an pósta. Bhí teine mór sa chistin agus gé dá róstadh ós a chomhair. Bhí cailín aimsire i bhfeighil an gé ach d'iarr an feirmeóir uirthi dul suas an staighre fé coinnle stamfha. Nuair d'imigh sí d'iarr an feirmeóir ar an fear an gé d'iomphodh go dtiochfadh an cailín ar ais. Níor mhaith leis an fear dul in aice ach b'éigin dó é a dhéanamh. Nuair bhí sé ag an tine tamaillín thosaigh an t-im ag leaghadh agus ag sileadh síos. Dubhairt an feirmeóir leis go raibh sé ag cur alluis agus go mba ceart an caipín a bhaint de, agus annsan do bhain sé an caipín de agus do thuit an duilleóg cabáiste. Chonnaic an feirmeóir an t-im annsan agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Gríobhtha
    Gender
    Male
    Address
    Glengarra, Co. Waterford