School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 197
- XML “Scéal a Dó”
- XML “Scéal a Trí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal a Dó (continued)
“Bhí gasúr beag ag buachailleacht shíos ag an fhairrge lá amháin. Chonnaic sé bean ag teacht aníos as an fhairrge. Ní rabh acht aon bó amháin.”
(continued from previous page)Bhí rud mór daoine istoigh ann. Toisigh cuid aca ag iarraidh an gasúr a leigint amach agus an chuid eile ag iarraidh é a chongbhailt istoigh. Acht sa deireadh thoisigh siad uilig ag troid agus nuair a fuair an bhean bheag a tháinig amach as an fhairrge iad ag troid leig sí amach an (gar) gasúr agus an bhó.Scéal a Trí
“Fad o shoin ní rabh sgathain ar bith ann. Bhí fear ann agus bhí a mhac agus a inghean i n-a gcomhnuidhe leis. Fuair an athair bás, agus cupla lá i n-a dhiaidh sin chuaidh an mhac fá choinne cliabh mónadh.”
Sgéal a trí:-Fad o shoin ní rabh sgathain ar bith ann. Bhí fear ann agus bhí a mhac agus a inghean i n-a gcomhnuidhe leis Fuair an athair bás, agus cupla lá i n-a dhiaidh sin chuaidh an mhac fá choinne cliabh mónadh. Ar a bhealach do fuair sé rud beag i n-a luighe ar an bhothar.
D’amharc sé isteach ann, agus dubhairt sé “Ó seo é mo athair”. Nuair a chuaidh sé ‘un n-a bhaile; Bhí sé ag caoineadh leis. Ní rabh fhios ag an deirbhshiúr cáide bhí cearr leis. D’imthigh sé amach agus d’fhág sé a chota chrochta ar an bhálla.
D’ubhairt sí b’fhéidir go bhfuil cáilín deas aige, agus go bhfuair sí bás. D’amharc sí i n-a phóca agus fuair sí an sgáthán, d’amharc sí isteach ann, agus dubhairt sí ní’l tú ag caoineadh faoi mhorán- Informant
- Domhnall Ua Connácháin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal