School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Donn, Donn, eadar dhá ghleann. Nuair a bhogas donn, donn bogaidh an dhá ghleann:- Asal agus dhá chliabh orthaí.
Pota beag amuigh ilár na locha agus é líonta de chlocha bána :- Uibheacha na Casga
Tá sé sa t-siopa agus ní dhíoltar é Tá sé sa teinidh agus ní dóightear é Tá sé san abhainn agus ní bhaidhtear é? :- An ghrian.
Fear gaedhealach is éadach air, comh glas leis an fhéar is cuireann gach duine rud éigin in a bhéal : Bocsa leitreacha.
Mó chos ar an talamh mo cheann ins an spéir, mó ghéaga ar leathadh d’eanlaithe an aer? :- Crann.
Caidé siubhalfas agus a cheann sa talamh :- táirne.
Teigheann sé suas mar sneachta agus tigeann sé anuas már óir :- uibh.
Dhá ghé roimh gé. Dhá ghé indiaidh gé, gé eadar eadar dhá gé (ag) an mó gé a bhí ann ar fad? :- trí cinn.
Bhean bheag amuigh annseo sa díog cóta bán síoda uirtí faoi an piulce glas? :- Feagach.
Caide an crann is airde ins na flaitheas? :- (Cr) Deirce.(continues on next page)