School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0205
  3. XML “Bliain na nArda”
  4. XML “An Choill Rua sa mBliain 1890 - Bliain na nArd”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (An Scoláire Bocht ar lean)
    Cionntuighthe ag breitheamh i bhfad ó bhaile gurab í an leitir sin do sheasfadh dhó. Ar an bpoinnte thuig an Rí agus an breitheamh gurab iad na buachailli báire a bhí cionntach mar gurab iad a rinne an éagcóir air. Cuireadh príosún le n-a saoghal ortha. Thuit áit an Ríogh agus a bhrabach ar an mbuachaill Eireannach nuair a fuair an rí bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Dhá sgór agus sé go bhlianta ó choin anois go díreach bhí oibreacha 'Relief' ar siubhal ar bhothar an ríogh. Sgilling sa ló bhí ceaptha le h-aghaidh 'chuile dhuine ann-luach cloich' mine. Gheobhadh duine sé clocha mine ar a thicéad tar éis na seachtmhaine. 'Tigh Mháiría Bhreathnach a bhíodh go leór ag 'uil le n-a dticéid. Bhí siopa aici an uair sin. An té mbeadh air imtheacht ó'n áit soir ag Árd na Crích' Duibhe ag obair d'fhágfadh sé sgilling agus sé pighne sa ló. Bheadh naoi gclocha mine de bharr a thicéid i ndeire na seachtmhaine aige... Bliadhain na n-Árda a tugtaí ar an mbliadhain sin, mar bhí na h-áird dá ngearradh agus na gleannta dhá líonadh. An bliadhain sin a gearradh Árd Tom Saile,
    .1. Árd na Tulaighe Ruaidhe
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micil Ac Cúláin
    Other names
    Micil Ac Cúláin
    Micil Ac Thuathaláin
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Coill Rua Thiar, Co. Galway