School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bpoinnte agus beatha nár iarr sé chor ar bith tháinic sé. D'ith agus d'ól sé féin agus an tincéar a ndóthain agus nuair a bhí sin déanta d'imthigh an deis ithte as amharc arís. D'iarr an tincéar ar an bhfear eile an ndíolfadh sé an brat agus dubhairt an feiliméar nach ndíolfadh. "Tiubhraidh mé bhudget dhuit air," adeir an tincéar. "Céard é sin?" adeir an feiliméar. Is féidir le duine é a iompar ar a dhruim in gach áit dá dtiocfaidh sé, "adeir an tincéar agus nuair atá duine a' ngábhadh níl air acht trí chic a bhualadh air agus tiocfaidh arm saighdiúirí amach as a shábhálfas é." Déanfaidh sin," adeir an feiliméar, "tabhair dhom é, agus seo dhuit an brat."
D'imthigh leis an bhfeiliméar annsin agus an budget ar a dhruim aige. Ní an-fhada a chuaidh sé gur bhuail ocras é, ní raibh fhios aige céard a b'fhearr dó a dhéanamh acht annsin chuimhnigh sé ar an mbudget." Leag sé ar an talamh é agus bhuail sé trí chic air agus dubhairt sé leis na saighdiúirí a tháinic amach as an tincéar a leanacht agus an brat a bhaint dhó. Rinneadar san agus thugadar ar ais an brát chuige agus d'ith sé a dhóthain. D'imthigh leis annsin gur bhain sé an baile amach.
(Chuala duine) Thug sé cuid de'n airgead da dhearbhrathaireacha agus bhíodar suaimhneach go(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Informant
- Tadhg Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway