School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Anois" adeir sí, "léim suas ar mo dhruim" agus d'imthigh léithi nó go raibh sí ag teacht suas leis an gcuid eile. "Anois" adeir sí "leig ort go bhfuil cumhachta móra agat agus beidh mise mo charaid mhaith agat."
Bhuail sé isteach go dtí an ridire tráthnóna agus chuir sé fáilte roimhe. An bhfuil sé i bhfad ó d'fhágaigh tú an baile,
"Ar maidin indiu," arsa seisean.
"Ní bhíonn aon ceó le n-ithe sa gcúirt seo acht uair ins an t-seachtmhain agus bhí sé sin againn ar maidin indiu."
"Is tig liom-sa trosgadh ar feadh míosa dá mbeadh crudhóg orm," arsa an feilméara, agus a phutóga thiar ar a dhruim le teán ocrais an t-am céadhna.
"An ag iarraidh do mhac a tháinig tú?" arsa an ridire. "Gheobhfaidh tú sin má dhéanann tú trí nidh a dhéarfas mise leat. Siubhail uait liom-sa go spáinfidh mé do leabaidh codladhta dhuit." Tháinig sé go dtí crann mór, "Codhlochaidh tú ins an ngabhloig sin thuas go maidin," ars' an ridire.
Chuaidh an feilméar suas ins an gcrann. Nuair a bhí píosa de'n oidhche ann tháinig inghin an ridire agus thug sí biadh dhó thug sí isteach ina seomra féin é agus chuir sí cuma mhaith codladhta air agus bhí(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 11
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway
- Informant
- Pádraig ac Thuathaláin
- Gender
- Male
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway
- Informant
- Seán Seosamh Ó Cúláin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway