School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0419

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0419

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0419
  3. XML “Páidín agus an Diabhal”
  4. XML “An Táilliúr agus an Sagart”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. i bhfad leis. - Tiocfa tú chuig a' teach amáireach chugam, adeir an S., agus tiúbhra mé faoistean dhuit.
    Tháinic sé lá'r na mháireach, agus bhí an S.P. ag spaisteoireacht amach ar an mbóthar. Chas an S.P. agus an táilliúr dá chéile agus shiubhail siad in éinfeacht annsin. Ní raibh siad i bhfad ag siubhal gur casadh abhainn dóibh. Dubht. an táilliúr leis an S.P. - Gabh thusa ar mo dhruim-sa ní bheidh fliuch againn ach duine. Chuaidh an sagart ar dhruim an táilliúra. Nuair bhí sé amuigh i lár na h-abhann d'iarr an táilliúr faoistean ar an sagart. - Ó fan go rachaidh muid ar an talamh tirm, adeir an S.P. - Ní fhanfa mé, adeir an T. Bhíodar féin ag sárú a chéile nó gur dhubhairt an S.P. leis an táilliúr - Tá an bháillséire ort! - Ní i bhfad a bhéas, adeir an T. Chaith sé an S.P. anuas ins an abhainn agus fliuchadh go maith é. D'imthigh an T. abhaile.
    Ag dul abhaile do'n T. chas táilliúr eile dhó - ní íosfa tú aon ghreim go deó, adeir sé leis, mar gheall ar an mbail a chuir tú ar an sagart. - Cuirfidh mé chúig phúnt leat gur túisge thiubhras sé mo bhéilidhe dhomsa amáireach ná dhuit-se.
    D'imthigh na táilliúirí lár na mháireach agus sheasadar amach ar aghaidh doras a' tsagairt. -Breathnuigh amuigh mo dhuine, adeir an S. leis an gcailín. Blaoidh isteach air. Tháinig an T. isteach agus dubht. sé - Is breagh an barra óir a fuair mé sa gcladach indé, nuair d'imthigh tú uaim. - Ná cainntigh, go deó air, adeir an sagart. - Ní chainnteóchaidh. - Tabhair béilidhe maith anois dhó adeir an S. leis an gcailín. Nuair bhí a bhéile ithte aige dubht. an S.P. leis: Gabh ar do ghlúine anois agus tiubhra mé faoistean duit. Chuir sé trí thuras air go Cruach Phádraig. (An chuid eile de'n sgéal mar atá in "Turas na Cruaiche" leathanach 43, sa leabhar seo.)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.