School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- XML Page 145
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí fear dár b'ainm Séan ann fadó agus bhí se an-ghlic. Bhíodh sé indon imirt ar' chuile dhuine.”
(continued from previous page)"Ná caith mise tá mé ag dul díreach go na flathais anocht",
"Muise an leigfeá mise in d'áit ánn is féidir leat-sa dhul lá ar bith ánn."
"Is beag an baoghal atá orm." arsa Seán "Tiubhraidh mé míle punt duit." ars an duine uasal.
"Déanfadh é mar sin - síos leat sa mála." Síos leis an duine uasal san mála agus cheangail Sean béal an mhála.
Chuaidh sé isteach go dtí an bhean annsin ag iarraid an chapaill is fearr san dteach. Thug an bhean an chapall agus tuilleadh áirgid dhó. Cheangail Seán an mála do iorball an chapaill agus chuaidh sé fhéin ar marcuigheacht ar an gcapall ag gread leis. Bhí an duine uasal dhá bhualadh faoi na clochaibh agus é ag sgreadach agus le gach sgread dhéarfad Seán, "boithríni garbha ag dul go na flathais;"
Is gearr go raibh siad ag doras an fhir. Sgaoil siad an duine uasal amach as an mála annsin. Chuaidh an duine uasal amach agus a chnáma briste go maith aige. Thug an fear a chuid airgid do Seán. D'imthigh an duine uasal as an mbaile ar fad mar gheall ar an gcleas a d'imir Sean air. Dfág sé a chuid airgid agus gach a raibh aige ag Séan. Fear saidhbir do beadh Seán annsin.- Informant
- Labhrás Ó Feínneadha
- Gender
- Male
- Address
- An Spidéal, Co. Galway