School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 397

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 397

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 397
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhíodh go leor ór ag na daoine in Árinn go mór mhór ag na Lochlannaigh. Chuir na daoine sin a gcuid óir i bhfolach san talamh agus níor innis siad do aon duine é, agus nuair a fuair siad bás ní raibh a fhios ag aon duine cá raibh an t-ór.
    Tá cnoc amuigh i gCruimlin agus bhí bosca óir i bhfolach ann. Bhí sé ráidhte dá mbeadh duine ag brionglóidigh air trí oidhche indhiaidh a chéile go bhfuigheadh sé an t-ór. Bhí fear ag brionglóidigh air agus an lá in a dhiaidh sin chuaidh sé ghá thóirigheacht agus chonnaic sé coinín a bhí bacach agus rith sé in a dhiaidh. Tháinig sé go dtí poll agus rith an coinín isteach ann. Shíl an fear breith air agus chuir sé a lámh isteach san bpoll agus rug sé ar an mbosca óir. Deirtear gurb iad na Búrcaigh a chuir ann é.
    Tá cnoc in aice an Chlocháin ar a dtugtar Cnoc na Cloiche Cruinne agus dá gcluineadh duine an bhean sidhe ag caoineadh inaice an chnuic go bhfuigheadh sé an t-ór.
    Cuireadh ór i bhfolach i gcnoc in aice leis an Mám agus tá cat fiadháin in a bhun. Tá pota óir eile i bhfolach ag fárnacht agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Liodáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway