School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 402
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)taobh d'en tom ná an taobh eile." Níor leig fear an tighe tada air féin, ach nuair a chuaidh an fear eile abhaile chuaidh fear a' tighe amach agus bhain sé an taobh eile agus fuair sé pota eile.Níor innis sé do dhuine ar bith. Deirtear gur chuir sé cuid de i bhfolach do féin. Nuair a bhí sé ag fagháil baís dubhairt sé le n-a clann é d'fhághail dó ach ní fhéadfaidís é d'fhághail.Bhí fear ag fághail báis aon uair amháin agus dubhairt sé le n-a clann mac, "Idir bárr Binn Shléibhe agus an loch tá an dabhach óir is mó a bhí ariamh ag Finn, is bhí mise féin dhá athrú leis." Bhí bean ag dul ag bleadhan na mbó agus chonnaic sí dabhach óir. Ní dhearna sí ach an búrach a bhí aici le h-aghaidh na mbo. D'fhág sí é ar an gcrann i n-a bhfaca sí an t-ór. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile bhí búrach ar gach crann ann agus ní raibh a fhios aici céard a dheanfadh sí. Bhí sí ghá thóirigheacht agus ghá thóirigheacht ach ní bhfuair sí an t-ór.
- Informant
- Tomás Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Gleann Loiscthe, Co. Galway