School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 467
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a thóann siad aníos é bionn dath deas donn air. Gheibhtear dubhach as an bportach agus cuireann sé dath dubh ar olann.Bhí gabha in a chomhnuidhe san áit seo fadó. Dhéanadh sé lánta, geataí, céachtaí, drolanna, crochanna agus gach rud eile a theastuigheadh ó na daoine. Níl siad sin dhá ndéanamh san áít seo anois. Tá gabha ann ach tá sé píosa maith o'n áit seó. Ní dhéanann siad an oiread rud agus a dhéanadh na gaibhne fadó. Dheinidís céachtaí as admad agus as iarrann fado.Chuireadh na sean-daoine dion-uighe an deas ar na tighthe. Tá go leor daoine i ndon tuighe a chur ar thigh fós. Tuigheadoirí a tugar ar na daoine sin. Ar dtús gheibheann siad an tuighe agus cuireann siad ar an tighe é. Cuireann siad sgoilb air agus ceangluigheann siad go maith é. Bhíodh daoine ag déanamh bréidín fadó. Sé an chaoi a dhéanaidís é, ar dtús chardáileadh na mná an t-olann. Annsin sníomhaidís é agus chuiridís go dtí an figheadóir é agus dheanadh sé bréídín de. Tá go leor figheadóirí san áit seo fós agus deánann siad bréidín agus pluideanna, acht cuireann na daoine thart annseo a gcuid olna go dtí an muilleann olna i nGaillimh agus gheibheann siad an bréidín agus pluaideanna abhaile uaidh. Gheibhtear snáth olna ó'n muilleann fresin. Fadó bhíodh na mná ag sníomh agus ag cniotál i gcomhnaidhe. Deántaoi brístí agus casoga le h-aghaidh na bhfear agus cotaí le h-aghaidh na mban as an mbreidín no an phlainín sin.(continues on next page)
- Informant
- Tomás Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Gleann Loiscthe, Co. Galway