School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 472

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 472

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 472
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cuid de'n fheoil in a dhiaidh agus cuireann na daoine nimh air ag súil go dtiocfadh an sionnach arís agus go marbhóchadh an nimh é, acht is annamh a thagann sé ar ais chuige airís.
    Tá sé ráidhte go bhfuil leigheas i dteanga sionnaigh. Dá mbeadh dealg i gcois nó i láímh duine agus nach b'féidir leis é a bhaint amach dá leagadh sé teanga sionnaigh uirthi deirtear go dtiocfadh sé amach.

    An Easóg - Ainmhidhe beag droch-mhúinte, cosamhail leis an bhfiréád 'seadh e. Marbhuigheann sé éanacha óga agus cearca, agus girrfiadhacha óga agus coinínín chomh maith. Deirtear gur contabhairteach an rud é do dhuine aon díoghbháil a dhéanamh do'n easóíg mar chaithfeadh sí seile leo, agus is contabhairteach an rud é sin. Is féídir leí go leor díoghbháíl eile freisin a dhéanamh do dhaoine. Deirtear go bhfuil easóg ag tabhairt aire do gach pota óir atá i bhfolach sa talamh.
    Dhá ainmhidhe ata an-chosamhil le céile seadh an girrfiadh agus an coinín. Milleann siad páirceanna coirce. Bionn an-fhaitchíos ortha roimh an gcat mar marbhuigehann sé iad nuair a bhíonn siad óg. Dath donn atá ortha araon. Tá cluasa níos fuide ar an ngirrfiadh ná ar an gcoinín. Ainmhidhe an-luaith iseadh an girrfiadh agus tá cosa fada faoi. Níl mórán díoghbhála ionnta.
    An Broc - Ainmhidhe mór iseadh an broc. Dath donn atá air. Codluigheann sé san gcineál céadna áite leis an sionnach. Níl sé chomh siubhalach leis an sionnach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Age
    78
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway