School: Mionlach (roll number 8800)

Location:
Mionlach, Co. Galway
Teacher:
Riocard Ó Tighearnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mionlach
  2. XML Page 123
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche.

    Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche. (cosán).
    Droichead ar loch gan maide gan cloch. (leach-oidhre).
    D’fheach mé amach an fhuinneóg agus chonnaich mé rud marbh ag iomcur rud beó. (fear ar rothar).
    Chaith mé suas é chomh bán le sneachta agus thainic sé anuas chom buidhe le óir. (ubh.)
    chomh árd le balla
    ″ dearg le fuil
    ″ bán le bainne
    ″ milis le mil. (ubhall)
    Mo ghiolla beag caol in a luighe ag an tobar.
    Tá a cheann cruaidh maol—maol leis an obair.
    Ní itheann le arán is ní ólann sé bainne
    Ní dheineann se tada is cuma cén obair
    Go gcuireann a cheann i bhfad síos ins an t-obar. (peann).
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Language
    Irish