School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 248
  3. XML “Liosanna”
  4. XML “Baile Fearainn - Min Aird Thiar”
  5. XML “Baile Fearainn - An Eaglais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Baile Fearainn ---Mináird Thiar.
    1: Lios Ráth an Óir: Ar thalamh Bean P. Uí Shuilleabhain. Timcheall le leath mhíle soir ó dheas ó Lios an Cheóil. Cuma cruinn - an bóna tóghtha le chré. É lán do sceacha agus raithineach. Deirtear go bhfuil Ciste Óir i bhfholach ann ach ní leighfeadh eagla d'aoinne dul a lorg.
    Bhí cailíní ag priocadh sméara dubha lá na blianta ó shoin agus agus níor stad duine acu gur chuaidh sí isteach sa lios 'á gcnuasach. Taréis teacht abhaile dhi buaileadh breoidhte í agus is ag dul in olcas a bhí sí i n-aghaidh an lae. Cuireadh fios ar an sagart agus is air a bhí an t-iongantas nuair a chonnaic sé seanbhean caithte liath sa leabaidh in ionad chailín óig. Taréis an Ola Dhéanach do chur uirre dubhairt an "iarlais " mar is iarlais a bhí ann, go gcuirfeadh sí abhaile an cailín óg a bhí sa lios.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Baile Fearainn-- An Eaglais:
    1: Tá lios mór i bpáirc Shéamuis Uí Phrindibhil ar an Eaglais. Tá sé cúpla chéad slat ó thuaidh ó "Lios Ráth an Óir". An déanamh céadna air. Deirtear go bhfheictí soillsí ann fado.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.