School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 266
- XML “Cúipéireacht”
- XML “An Meadar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cúipéireacht:- Ana cheárd sa tseanaimsir a b'eadh í seo agus bhíodh cúipéar nó dho ins gach paróisde. B'iad na cúipéirí a dheineadh na h-áruistí le h-aghaidh an bhainne agus araile. Do dheinidís cíléirithe bainne, feircíní ime, meadair, tobáin nó drollaigh, bairrlí, soithí chun uisce, bairrlí le h-aghaidh éisc do chur ar salann nó feóil dá mbeadh sé acu.Ní fada ó shoin ó cailleadh Séamus Ó Beaglaoí ó Bhaile-na-saor, cúipéir go raibh ana cháil air maidir le feircíní agus bairrlí slachtmhara do dhéanamh.
Bhí na feircíní mór agus thógadh sé tamall maith ó chuid des na feirmeóirí feircín do líonadh. Is minic a chuireadh beirt nó triúr chomharsain a gcuid ime le chéile chun feircín do líonadh. Suas go dtí ceithre fichid bliain ó shoin do thugadh na daoine anso a gcuid ime go Corcaigh ar druim chapaill chun é do dhíol, agus do chaithidis seachtmhain ar an mbóthar. Is minic a robáileadh iad i n-aice le Baile Mhúirne i gCorcaigh agus thagaidís abhaile gan pingint'réis a saothair. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.