School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 458
- XML “Scéal - Seán ach Séamais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é, agus bhí ana áthas air. Dhein sé gach deabhadh abhaile chun an scéal dhinnsint dá mhnaoi, agus nuair a chualaidh sí an scéal bhí ana áthas uirre leis. Do ghléas sé a chapall an tráthnóna céadna agus dob’ é an chéad tig gur chuaidh sé ann ná tig Róis Móir agus bhí sí sin curtha ó’n lá roimis sin. Siúd chun bóthair arís leis agus bhí sé trí lá amuich. Bhí na h-aoinne á stiúradh ar an mbóthar go dtí tig an Dé Bhean agus nuair a chuaidh sé ann bhí an Dé Bhean imthighthe abhfad ó bhaile. Ní raibh fhios aige annsan cá raghadh sé agus dubhairt sé ná tiocfadh sé abhaile choidhche go dtí go raghadh sé go dtí an tríomadh duine. Do bhí sé seachtmhain amuich an
uair sin. Do dhein sé amach tig Máirín Dubh maidean áirighthe, agus nuair a ghaibh sé isteach cad a bhí ach Máirín na luighe[?] sa leabaidh breóidhte. “Ó”, arsa Máirín, “ní féidir liom dul in aoinfheacht leat in aon chor.” “Ná bac”, arsan cailín a bhí istig, “raghadsa le na chois.” An bhfanfá liom”, ar sise, “go n-íosfainn an béile prátaí atá fé’n luaith agam.” “Fanfad agus fáilte”, arsan fear. “Mo thruagh mhór(continues on next page)- Informant
- Nóra Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Gabhlán Ard, Co. Kerry