School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 217
- XML “Scéal - An Bheirt Phósta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal An Bheirt PhóstaSuim mhór bhlianta ó shoin, do bhí beirt óg i bpáirt éigin laisteas i n-Uibh Ráthach agus iad óg go leor do thugadar gradam dá chéile, agus níor scar an gradam san leo nó go rabhadar i n-aois a bpósta go maith.
Do pósadar ins an deire agus ní saidhbhir do bhíodar ach lom bocht gan mór-shúil le na mhalairt aca. Fear breágh acfuinneach láidir do b'eadh é, agus do b'ait leis a bheith ag broic leis an ndealbhas do shíor, agus do chuir sé i gcomhairle na mná an ní do bhí ar a aigne, 'sé sin, tabhairt fé an dTalamh Úr agus seacht mbliana dá shaoghal do chaitheamh ann, agus dá rithfeadh leis an fhaid sin, gur chóir go mbeadh dioscán bailighthe aige do dhéanfadh ar feadh tamaill iad.
Cé gur chráidhte an scéal leis an mnaoi sar a chlos, le bárr na deighmhéine, do thoilig sí leis, mar níor theastuigh uaithi gruaim do chur air, cé gur shásta leí a bheith beo bocht.
Níor mhór an t-airgead ba ghádh dhó ins an(continues on next page)- Informant
- Seamus Ó Siochfradha
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Oghermong, Co. Kerry