School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 224
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe na Sean Aimsire.Do bhí an tuaith lán de bhotháin bheaga fadó, agus is íad a bhíodh ag na daoine cun cómhnuidhe ionnta. Ní bhíodh díon slinne ortha fé mar a táid anois, ach díon tuighe, agus do bhíodar níos sláinteamhla ná na tighthe atá ann fé láthair. Dá mbeadh tigh cinn slinne acu do cuirfeadh na tighearnaí talmhan cíos árd ortha, nó dá mbeadh an tig bán amuigh tar-éis é do bhánú do dheinidís an céadhna. Ní bhíodh aon fhuinneóg ionnta, ach poll beag agus sop féir cun é do sháthadh ionnta istoidhche. Do bhíodh "clevy" ins gach tig aca nach mór, cun íasg do coiméad ionnta, agus do bhídís lán de súgh.
Le fé chrainn agus ar taobh na mboithre a bhíodh na tighthe aca, i dtreo is go mbeadh fothain aca ó crúadhtan an Géimhridh. Dá dtagadh stoirm sa Géimhreadh ní fhágadh sé rían na dtighthe ann mar do bhíodh síad déanta chómh greanmhar san. Ní bhídís déanta de straidhean fé mar atá anois, ach de chlocha, martaol, scraitheanna agus le cré. Uaireanta ní bhíodh aon simné(continues on next page)- Informant
- Seamus Ó Griobhtha
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Letter, Co. Kerry