School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Áiteanna 'na mbíodh na h-aontaí in Uibh Ráthach.San am fadó ní bhíodh aon phairceanna aonaigh ins na cathracha ach ar thaobh na mboithre agus i bpairc (an) éigin. Do bhíodh ceann i gcomhnuidhe inaice le sgoil Achad Tiobraid úair gach mí. Dá mbeadh ba nó beithídhig le díiol ag feirmeóir do théigheadh sé go dtí an aonach agus tabharfhadh sé raol nó mar sin do Pádraig Ó Clúbháin an fear gur leis an pháirc. Ní bhíodh iomad ainmhidhthe ag na h-aontaí fadó is a bhíonn anois. Do bhíodh a lán ceannuightheóirí ag na h--aontaí fadó agus do bhídís ag greabhadh na n-ainmhidhthe ó na. Dá mbeadh bó le díol ag duine do thabharfhadh duine eile an uimhir caoirach gur b'fiú an bó agus tabharfhad sé sgilling nó mar sin mar "bonn dúthrachta." Do bhíodh lúach ní b'fhearr le fághail ar na h-ainmhidhthe fadó ná mar atá anois.
Dá mbeadh seafaide bhreágh, reamhar, ag duine geobhadh sé seacht nó ocht uirthe. Do bhíodh cuid de mhuinntir na dtighthe tabhairne ag díol uisge beatha, agus leanna ar an bpairch sin agus is minich a(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Ghriobhtha
- Gender
- Female
- Address
- Letter, Co. Kerry