School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 242
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Sghoileanna
Do bhí sean sgoil i-n Ocair-Múing fadó. Sgoil scairte dob-eadh é. Do bhí an sghoil san istig i gcró. Strainnséirí do b-eadh an cuid ba mhó de's na múinteóirí a bhíodh ag múineadh innti. Do bhíodh síad timcheall mí nó mar sin le gach páiste, agus agus dá mbeadh an bíadh go maith ins na tighthib dfanadh síad ann go ceann i bhfaidh. Raol sa ráithe ab-eadh an págh do geibheadh síad. Do bhíodh síad ag múineadh Gaedhilge do na scolairí. Ní bhíodh aon leabhair ag na scolairí, agus do sgríobhadh sí ar slinnte. Ní bhíodh aon bhinnsi ins na sgoileanna, acht clocha mór. Deirtear gur scholairí ana mhaith dob-eadh iad, agus do bhíodh meas ag na daoine ortha, mar sí an Gaedhilg a bhíodh mar theangain coithceanta aca. Do bhí Gaedhilg ana mhaith ag na múinteóirí an úair sin. Do caitheadh na múinteóirí tamaill ins gach tig. Ní bhíodh na sghoileanna ar siubhal i dtigtibh na bhféirmeóirí in-aon-chor. Amuigh f é'n aer a bhíodh na múinteóirí, agus a gcuid scholairí san Samhradh agus istig i mbothán éiginn a bhíodh síad san Geimhreadh.Faighte Ó Padraig O Ceitínn
(89)
Otar-mong- Informant
- Padraig Ó Ceitinn
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Oghermong, Co. Kerry