School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Saghas Aráin a deintí in Uibh Ráthach Fadó.Síad na saghasanna aráin a deintí in Uibh Ráthach fadó, ná "stampí, caudie," agus arán bran, is cruithneachtan. Sé an tslighe a dentí an stampaí ná, ar dtúis do scúthaí na prátaí áilne cun an struis do bhaint asta. Annsan do glantaí an greideal agus do cuirtí ar an dteine é cun é do deanamh te. Annsan do gheibhtí min buidhe agus do cuirtí struis na bprátaí innti. Annsan do chimiltí íad súas le an chéile agus do cuirtí ar an ngreideal le na bhácáil. Núair a bhíodh sé bhácálta do bhíodh féile breágh aca le nithe, le cupán bainne.
Ní raibh min ná plúr le fághail an úair sin ach do cuiridís a gcuid cruithneachtan féin agus do bhíodh bróthanna ins gach baile cun í do mheilt. Do deintí saghas aráin eile agus sé ainm a glaodhtaí air ná, "bran bread." Arán ana shaor do b'eadh an t-arán sin mar do bhíodh an bran aca tar éis an choirce do mheilt. Sé an tslighe ina deintí é(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Griobhtha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Letter, Co. Kerry