School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmhidhthe éagsamhla im' fheirm-se.Seo íad na h-ainmhidhthe éagsamhla atá im fheirm-se an bó, an chapall, an t-asal, an tarbh, na muca, na cearca, na beithidhig, na gamhna, is na lachain. Síad seo na h-ainmeacha atá ar na búaibh, an giodach, an bhó druimfhion, an bléinfhionn, an chúbach, an léidí, báiní, bricí, agus stéaraidhe. Sé an brígh a tugadh giodach uirthe, agus ná go raibh dath grána riabhach uirthe, agus í ag féachaint go giobalach. Fadó do cúmadh dán mar gheall ar an giodach agus do bhí bean a tíghe a' crudha núair a tháinig na báilí a' tógaint le "deachmhaidhthe cíosa"is tugadh an "giodach dá crudha ins an Gleann' ar an amhrán. Bó druimfhionn is eadh bó le drom bán o'n na cosa tosaig go barr an earbaill. Bléinfhíonn is eadh bó le cerathramhain bháin, an chúbach is eadh bó le h-adharca lúbhtha síos go talamh, an léideach is eadh bó le h-adharca deasa, i bhfochail eile, tugtar Cíarraidhthe dubha ortha, "Black Kerry cow." Tugtar báiní ar bó bhán ó'n earbaill go dtí an ceann. Bricí is eadh bó breach, agus stéaraidhe iseadh bó(continues on next page)
- Collector
- Padraig Ó Griobhtha
- Gender
- Male
- Informant
- Seamus Ó Griobhtha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male