School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 247
- XML “Oíche na Gaoithe Móire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche na Gaoithe MóireDo bhí oidhche na gaoithe móire ann ar an 6 adh lá de mhí Éanair, san mbhlian 1839. Ní raibh aon coinne acha léi. Ach aon tráthnóna amháin do bhí a scamaill dubha san spéir, ins an oirthear, ach do tháinig an gaoth go h-obann san tráthnóna agus do chuireadar cosg le na gcuid oibhre, agus nuair a bhí siad ar dul a codladh, do tháinig an gaoth mór agus do sciobadh na díona do's na tighthibh ar fad. Do chuala mo sean-mháthair ag cainnt mar gheall ar an gála mór, agus dúbhairt sí go raibh an áit clúduighthe le féar agus choirce.
Do bhí díleann ann ar feadh cúpla lá agus do bhí na h-aibhnte lán de uisge, agus do bhris na tuillte na droichid. Ins an am san do bhí na tighthe ana olc ar fad ag na daoine, agus tighthe cinn tighe a beadh iad, agus do sé ana fhuirist iad do leaghadh. Do marbhuigheadh cuid mór ainmidhthe, agus daoine leis, agus do bhí gach caora a bhí ar cnoch caillte fe'n sneachta. Do bhí an stoirm sin ann ar feadh trí lá gan stop ná staonadh. Níor tugadh aon beann ar díon a bheadh scúabhta do thigh, agus féar agus coirce ag(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Ghéaráin
- Gender
- Female
- Age
- 86
- Address
- Garranearagh, Co. Kerry