School: Na Cnoicíní (roll number 13124)

Location:
Garranearagh, Co. Kerry
Teacher:
Seán S. Ó Cuimín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cnoicíní
  2. XML Page 222
  3. XML “An Spealadóir go Raibh Ortha an Fhaobhair Aige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Spealadóir go raibh ortha an fhaobhair aige.
    Do bhí fear insan áit seo gurb' ainm do Seán Ó Éalaithe, agus preabaire maith fir ab eadh é. Agus níl aon bhliain sa July ná téigheadh sé síos go h-íochtar na h-Éireann a' bhaint fhéir a' spealadóireacht ar a phádh, sa droch-shaoghal agus 'na dhiaidh.
    Well trísna blianta sin bhíodh sé maith a dhóithin dos gach aon fhear do bhuaileadh leis. Agus an bhliain seo áirithe do casadh ar thigh feirmeóirea é, tráthnóna Domhnaigh, agus do bhí buachaillín óg roimis istigh, an-shlighteálta éadrom, níos óige ná é seo. Cheap sé nár cheart do gabháil le n-a chois sin, bhí sé lag.
    D'eirigheadar ar maidin, moch go maith ar maidhin, agus ní raibh tae ná 'rán rómpa: d'fhanfaidís leis an méid sin go dtiocfadh an breicfeast.
    Do chuireadar suas faobhar, agus do chuaidh an fear óg ar tosa'c agus do luig sé ar bhaint, agus do luig an fear so isteach 'na dhiaidh, Seán Ó Éalaithe, agus ma dhein, do bhí an fear óg ag dul thairis, Ó, amach, amach, amach, amach, amach, amach, Seán in a dhiaidh, agus é sin á mharbhú féin ad' iarraidh t'acht suas leis. Chuir sé suas faobhar arís, acht n'féadfadh sé aon chasadh bhaint as.
    Núair a tháinig an fear óg go deire na sratha:
    "Cím, a fhir bhoicht, ná fuil aon ana-fhaobhar agat"
    "Níl, mhuise," arsa Haley, ar seisean, "is dócha go bhfuil sí, sé sin an speal leath-chaithte agam. Acht do bhí faobhar maith agam go dtí indiú."
    "Taisbeán," ar seisean "féachaint a' bhféadfainn-sé aon tairbhe a dhéanamh uirthe."
    Táinig sé, d'fhág sé a speal féin 'na dhiaidh, agus tháinig sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Padraig Ó Suilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Garranearagh, Co. Kerry