Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an tobair i bhfuisge sé míle de'n Spa. An oidhche seo bhí mná dona ann agus ar maidin nuair a d'éirig siad ní raibh aon uisge ann acht chuaidh sé míle níos fuide uatha. Bhí duine uasal in a chomnuidhe i ndáil leis an tobair agus bhí triúr mach aige. Nuair a bhíodh na daoine ag rádh na bpaidreacha ann bhíodh siad ag caitheadh cloch is salachair agus bhaileócadh siad na Lads a bhíodh timcheall ortha le congnamh a thabhairt dóibh. Tháinig droch-shláinte ar an mach is óige dóibh. Thug an athair leis é go dtí an France ag féachaint an ngeobhfadh sé a shláinte. Bhí sé an oidhche seo agus é i ndáil le fághailt bháis.Thuit sé in a chodladh agus nuair a dhuisig sé as an néal codhlaidh dubhairt sé le n-athair go raibh sé ag brionglóide ar Dhaí Bridhghe aréir.
"dá mbeadh dhá bhuidéal de'n uisce agam ar seisean "dhéanfadh sé biseach dhom".
Dubhairt an t-athair leis go gcuirfeadh sé ar chúpla buideál di dó. Tháinig an t-uisce aige. Nuair a d'ól sé an t-uisce dubhairt sé go rinne sé biseach an tsaoghail dó. Nuair a bhí an méid sin ólta aige chuir sé fios ar lán bosga bhuidéal de.
Nuair a bhí sé fad ólta aige fuair sé biseach agus bhí sé in ann teacht abhaile go Condae an Chláir. Protasdúnaigh a bhí ann agus d'iompuigh sé in a Chaitiliceach agus shocruigh sé an tobair agus dhéan sé áit an-deas timcheall an tobair. Tá siad ar fad curtha i ndáil leis an tobair. Sin iad na Braonachaí ó Bhaile na Leacan i gCondae an Chláir.Má fheiceann tú eascon ann agus galar ort tá sé ráidhte go ngeobhfadh tú biseach.
Tá sgéal eile ann faoi Tobair Mhic Tuath i nDún Guaire agus seo é:-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ristéard Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Riocáird de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann