Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0123
  3. XML “Scéalta faoi na Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí sgata Naomh ag siubhal Éire. Nuair a thainic siad ag Tobair Mhic Tuath leagadar a ndínnéir anuas. Bhí Naomh Colm Cille i gCondae an Chláir agus é thar-éis comhartha na croise a chur air féin le uisce beannuighthe. Chonnaic sé na Naomh i nDún Guaire.
    "Nach aoibhin dóibh" ar seisean " an dinnéir áluinn acha agus gan pioc le n-ithe againn."
    Chomh luath is a bhí sé ráidhte aige d'éirigh an dinnéir a bhí leagtha ag na naomh i nDún Guaire agus chuaidh sé tré an aer gur leagadh ós comhair Naomh Colm Cille.

    Tá tobair i gCreachmhaoil agus é an t-ainmh atá ar na Tobair Rosáin. Tá sé rádhte má bhíonn aon duine ag fághail bháis agus go mba mhaith leat fhios a bheith agat an ngeobhfadh sé bás nó an n-eireóchaidh sé as má chuireann tú cros isteach ins an tobair, cros nach ndeaca síos. Má theighann an chros go dtí an taobh ó dheas de'n tobair gheobhfaidh sé bás agus má theigheann sé go dtí aon taobh eile de'n tobair éireócaidh sé arís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ristéard Ó Cobhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Riocáird de Búrca
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann