Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Galra agus Leigheasanna(1) An Triuch :- Gráinneóg a bhruith agus an anbhruith a ól.
(2) Fáithní (Warts) :- Iomdha sin leigheas a bhí ann dóibh sin. (a) Bhí, is tá fós, buláin uisce ar chairrig i gCeathar a' Mhóinín, agus bhíodh daoine ag dul ann leis ná fáithní a nigheadh ann. Tá sé ráidhte go raibh leigheas ann.
(b) Fáigh naoi n-eascon (eel) agus bain an ceann de chuile ceann aca. Cuimil na cinn de na fáithní agus beidh siad leigheasta.
(c) Fáigh naoi ndéis arbhair (9 ears of corn) agus cuimil an snaidhm, nó 'knot', i ngach dias de na fáithní agus beidh leat.
(3) Galar na gcnámh :- Bhí an-cháil ar mheacan a' Coimpire (?) leis na cnámha a leigheas.
(4) Kidney disease :- Meacan na gCaorach a bhruith agus cáirt de choirce na bliana roimhe sin a chur tríd. An t-anbhruith a ól mar leigheas.(leanann ar an chéad leathanach eile)