School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0209

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0209

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0209
  3. XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ach aon nduine amháin. Cé bheadh ann ach Sgolóigín na Féasóige Liaith! -Go mbeannuighidh Dia dhuit a Sgolóigín na Féasóige Liaith, ar seisean.
    -Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit a mhic na baintreabhaighe, ars an Sgolóigín. -An imreóchthá cluiche cártai a Sgolóigín?
    -Ní misde liom, a mhic na baintreabhaighe, ars an Scolóigín.
    Himrigheadh an cluiche agus ghnothuigh mac na baintreabhaighe. Ar maidin la'r na bháireach thit an rud céadna amach is do thit an la roimhe sin, ach an tríomhadh lá bhí an Sgolóigín 'un tosaigh ar mhac na baintreabhaighe agus 'sé ghnothuigh. Nuair do ghnothuigh chuir an Sgolóigín mar gheasa agus mar impidhe air a dhul go dtí teach a athar a bhí an oiread seo mílte as láthair... Tháinic mac na baintreabhaighe abhaile go brónach an oidhche sin, agus gan 'fhios aige cé bhfuigheadh sé teach athair an Sgolóigín.
    Acht an odhche seo tháinic brionglóid do mhac na baintreabhaighe agus sé an rud do bhí ins an mbrionglóid go mbeadh páirc caiple thíos cois cladaigh agus go bhfuigheadh sé srian i gcúinne de'n pháirc, agus í sin do chraitheadh trí h-uaire, agus an tríomhadh uair do chraithfeadh go dtiocfadh bromaichín beag agus gur dó a bheadh an t-srian feilteach. Ar maidin níor bhain mo dhuine méar dhá shrón nó gur shroich sé an pháirc agus gur thuit amach amhlaidh mar bhi ins an mbrionglóid an oidhche roimhe sin aige.
    D'imthigh leis ar an mbromaichín, agus é ag imtheacht ar nós na gaoithe-ag teacht suas leis an ngaoith bhí roimhe, ag teacht suas leis an ngaoith Márta bhí caithte agus ag imeacht ó'n ngaoith Mhárta a bhí ag teacht, nó go dtáinig sé go dtí teach fathaigh bhí i lár coille. Chuaidh sé isteach agus bheannaigh agus d'fhiafruigh de'n fhathach a'raibh aon tuairisg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraic 'Ac Thuaithealáin
    Gender
    Male
    Age
    26
    Address
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe