School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leagfaidhe an tábla agus gnidhfidhe tae. Bhéadh corróg luachra amuigh. Rachaidh fear an toighe amach agus nuair a bhéas sé ag teacht leis an chorróig, béidh muinntir an toighe ag urnuighthe.
Déirfidh sé: "Gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, foscailigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid."
Déirfidh siadsan istoigh: "'Sé beatha, 'sé beatha." Déirfidh siad seo trí h-uaire agus tiocfaidh seisean isteach 'na dtrí gcoiscéim.
Fágfaidh sé an chorróg faoi an tábla ar a bhfuil an tae air. Ólfaidh siad uilig an tae agus toiseochaidh siad go h-uile ag deunamh na gcros annsin.
Fágthar iad ar feadh trí lá sul a gcuirfidhe suas iad. Chuirfidhe uisge coisreactha ortha i gcoinn na dtrí lá agus chuirfidhe i n-áirde iad.
Tháirneochadh cuid aca feag amach agus chuirfeadh siad trasna ar a gceann é le tinneas cinn a léigheas.- Informant
- Anna Ní Laodhóg
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Address
- Cloghan, Co. Donegal