School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 084
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí dearbhrathair saidhbhir agus dearbhrathair bocht ann uair amháin agus bhí an bheirt aca pósta.”
Bhí dearbhrathair saidhbhir agus dearbhrathair bocht ann uair amháin agus bhí an bheirt aca pósta. Bhí teach ag achan duine do féin agus bhí an fuath ag an fhear saidhbhir ar dhaoine bochta a bhéadh ag cruinniu a gcoda. Níor chuir an dearbhrathair bocht amach aon duine bocht ariamh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, thainig fear bhocht a bhí ag díol eadaigh(?)
agus bhuail sé isteach a dtigh an fhir saidhbhir agus d'iarr sé lóisdín acht dubhradh leis nach dtabhairfidhe lóisdín ar bith do aoinne bocht a bhéadh ag cruinniú a chodach acht go rabh fear bocht thíos annsin a bhí ag congbhailt daoine mar é.
Níor dhubhairt an fhear dadaidh acht d'imthigh leis acht ar a bhealach síos chas muc dhubh air agus cé bith go rabh bata leis d'íosfadh sí é. D'iarr sé lóisdín agus fuair acht nuair a thainig am codhlata dubhairt sé go rabh aige le na chuid leabharthaí a dheánamh suas. Nuair a bhí bunadh an toighe ina gcodhladh tharraing sé air sgian agus dubhairt go gcuirfeadh sé creamhan ar an mhuic. Chuaidh sé suas go dtí tigh an fhir saidhbhir agus mharbh sé an muc agus thug anuas go tigh a lóisdín í. Thug sé leis tuban agus shaill í agus annsin chuaidh sé a luighe.
Nuair d'éirigh siad ar maidín d'iarr an fear bocht ar a mhaighistreas scall dé'n mhuic a chuir síos. h-itheadh an mhuic-feoil. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dteachaidh an ingean an fhir saidhbhir amach le n-a chuid a thabhairt do'n mhuic ní rabh an mhuc le faghail. D'innis sé seo do a h-athair. Bhfuil fhios agat caidé dheánfas tú arsa a bhean. Chur se sneachta aréir agus ní'l sneachta ar bith ar an teach a bhfuil siad ag marbhadh na muice. D'iarr sí air a dhul suas go(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Baoghaill
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female