School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 061
- XML “Cailleacha na bPisreog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-mná abhí ionnta agus ar bhigil na Bealtaine, beireadh siad a gcuid anamnacha do'n diabhal agus annsin bhéadh cúmhacht éigin aca. Bhéadh siad ábalta an báinne a baint de na buaibh agus an t-im a bhaint de'n chuinneóig. Theigeadh siad go dtí an áit a mbéadh trí dhúithci agus rópa leo. Casfadh siad an rópa trí h-uaire agus deirfeadh siad "Taradh deireadh cugamsa"
Deirtear go dtiocfadh leis na cailleacha seo theacht agus an báinne a bhaint de na buaibh agus nach bhfeicfidhe iad. Acht da dtiocfaidhe ortha ghlacfadh siad dealbh nó cosamhlacht giarrfiaidh agus go n-imtheochadh siad. Ní thiocfadh le cú breith ortha agus ní thiocfadh iad a sgaoileadh acht le pileár airgid agus mar sin fhéin ní dhéanfa acht iad a (?)
Deirtear gur roimh éirigh gréine a ghnídeadh na cailleacha seo a gcuid cleas. Deirtear go mbéadh an oiread báinne ag na ba agus a bhíodh acht nach mbeadh im ar bith air. Mhothuigh mé fá dhaoine a bhíodh ag buaileadh ar feadh tamaill maith agus ní bhéadh dadaidh ar an mhaistreadh acht cómhair.
Deirtear go raibh daoine ann a thairraingeochadh droch mheas ar an báinne agus go raibh drochshuil aca. Chualaidh mé scéal fá dhaoine nach raibh im ar an bháinne agus chuaidh siad chuig an sagart. D'fiafruigh an sagart dóbhtha ar b'eigin dóbhtha a gcuid eallach a chuir thart ag doras theach Albanach chuig páirc an ingilt. Dubhairt siad(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Informant
- Máire Ní Gallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60