School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 007
- XML “Scéal an Ghearráin Bháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí trí n-ingeanach(?) aici. Bhí sí bocht agus ní rabh dadaidh aici le bhéith beo ar acht gairdín cáil ghil. Bhí gardín maith cáil ghil aici an bhliadhain seo agus oidhche amháin thainig sean-ghearran bán thart agus chuaidh sé isteach ins an ghairdín.
Chuaidh an cead n-inghean amach agus an maide briste léithe agus bhuail sí an gearran bán agus ghreamuigh an maide briste ins an ghearran agus ar siubhal leis agus an cailín in a dhiaidh. Ins an deireadh thuit an cailín isteach i gcaislean.
Thainig an gearran bán isteach in a fhear uasal agus d'iarr uirthí an tae a dhéanamh. Rinne sí an tae agus chuaidh siad a luighe. Ar maidín d'iarr an fear uirthí an bhó a bhlighe no go rabh seisean ag imteacht. Dubhairt sé léithe gan dul isteach ins an t-seomra seo(?).
Bhlighe sise an bhó agus d'iarr an cat mór ruadh bainne uirthí acht ní bhfuair an cat bainne ar bith agus annsin chuaidh an cailín isteach sa t-seomra agus bhí mná istoigh ann. Bhuail an fear le slat draoidheachta í agus chuir a codhladh í.
Chuaigh an gearran bán arais(?) go dtí an gairdín agus thainig an dara ingean leis an mhaidhe pota in a dhiaidh le íoc a bhaint as acht d'éirigh duithe mar d'éirigh do'n cead n-ingean agus cuireadh a codhladh í le taoibh an cead n-ingean.(continues on next page)- Collector
- Seán Mac Fhionntaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Tóin Dubh (Thompson), Co. Donegal
- Informant
- Róise Nic Fhionntaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- An Tóin Dubh (Thompson), Co. Donegal