School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 050
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Tráthnóna samhraidh a bhí ann tháinig bean sídhe isteach go dtí teach ar an Garbh-Ábhainn.”
Tráthnóna Samhraidh a bhí ann tháinig bean sídhe isteach go dtí teach ar an Garbh-Abhainn. Bhíodh na mná sídhe ag dhul thart fa'n am seo. D'fhiafruigh an bhean bheag cá raibh fear an tighe. Dubhairt bean an tighe go raibh sé indhiaidh dhul síos a luighe. D'imthigh sí síos agus shín sí slamhradh chuige agus dubhairt sí ma thomhasainn tusa trí fhad an slamhraidh sin ó Carraic na gCat go Carraic na Gorraigh geobhaidh tú craiceann giarraidhe agus é lán ór agus airgead. D'éirigh fear an tighe agus rinne é fhéin réidh le dhul léithe. Nuair a bhí sé ag dhul amach ar an doras dubhairt bean an tighe leis na imthigh go dtí go gcraithfidh mé braon uisge coirsigthe ort.
Bhuail an bhean bheag bos ar leacainn an fhir agus dubhairt leis ní bhfuighe tusa no aon nduine de do bhunadh an t-ór no an t-airgead. D'imthigh sí léithe agus ní fhacaidh aon nduine í ó sin amach.- Collector
- Máire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cloghan, Co. Donegal