School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 038
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“D'imthigh fear go dtí an Oileán Úr aon uair amháin bhí sé ins an Oileann Úr ar feadh naoi mbliadhain.”
D'imthigh fear godtí an Oileann Úr aon uair amháin. Bhí sé ins an Oileann Úr ar feadh naoi mbliadhain. Ag deireadh an ama sin cuir sé sgeula na baile go rabh sé ag teacht. Rinneadh réidh fa na coinne agus dimthigh an fear fa na coinne godtí an staitúin. Bhí sé ag an staitúin ag fanacht ar an traen a teacht nuair a thainic an traen chonnaic an fear amach cuir an fear fáilte roimhe agus dimthigh siad ag tarraingt ar an bhaile.
Bhí an fear go measarda sean agus bhí an droch eadach ar. Nuair a thainic siad godtí an teach dathain sé nach rabh failte roimhe nuair a bhí sé ann ar feadh cúpla lá cuir sé céist ar muinntear an toighe cá rabh a deirbhshiúir.
Dubhairt fear an toighe nach rabh sí annseo ar cóir ar bith acht go rabh sí pósta lá ar na marach. D'imthigh sé godtí a deirbhshiúir bhí an fáilte aice sa roimhe nuair a bhí sé ann ar feadh cúpla lá dubhairt sé le bean an toighe trucall a fágail agus a chuid eadaigh agus a chuid airgid a thabhairt a baile. Cuir bean an toighe trucall fa coinne na bocsaí nuair a thainic na bocsaí bhí siad lán óir agus airgid. Bhí doigh maith ortha ó sin amach.- Collector
- Seumas Ó Caomhanach
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Ailt an tSneachta, Co. Donegal