School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 092
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomaidh seanchas atá le fághail i dtaobh na h-aimsire. Gheibh cuid mhór daoine fios ó'n spéir ma tcídh daoine fáinne giota fada o'n ghealuigh deirtear gur sin comhartha stuirm. Ma tcídh siad fáinne comhgarach do'n ghealuigh deir siad gur sin stuirm i bfad uainn.
Geibh cuid mhór daoine eile fios o na realta. Ma bhíonn siad lonnaire agus ag tuitim gur sin comhartha siocainn. Nuair atá ceo ann deirtear go mbéidh fearthainn in a diaidh no deir sean daoine nach bhfuigh ceo sean-gealuighe bás le tart.
Gheibhtear seanchas i dtaobh na h-aimsire ó na h-éanlaithe agus ó na h-ainmhidhte. Nuair a bionn's cat un a shuidh agus a chúl leis an teinidh deirtear gur sin droch chomhartha no ma bhíonn sí ag scríobadh ar ádhmad gur sin comhartha gaoithe móire. Ma bhíonn na caoirigh ag árdughadh suas na chnuic sin comhartha siocainn. Ma bhíonn na criogair