School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 074
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tobar na nAingeal: Tá tobar ar an Bhinn Dhuibh agus téidheann na daoine ann ar turas i mí na Beáltaine. Tá dhá thobair ann agus caithfidh tú paidir agus abhe Maria a rádh ag acan ceann de'n dhá thobair.
Tá carnan cloch ag na dtaobh agus caithfidh tú seacht ndeichneabhar a rádh ag an carnan. Seacht gcloch a chuir fa do chorp agus thú fhéin a choisreacadh leo. Tógtar uisge as na toibreacha. Níghthear na cosa agus na lámha agus geárrtar cómhartha na Croiche ar an croidhe. Bheir na daoine buideal de uisge as an dhá thobair leo fa choinne leigheas thinneas thobain.
Tá cliú agus cáil ag an tobar seo ariamh anall ó am na dlighthe piannaideacha. Deirtear i bhfad ó shoin go rabh sagart ar a theicheadh bhí sé ag deánamh a sgíste ag an tobar seo. Nocht na saighdiúirí dearga ar árdan os a chionn agus nuair a tharraing siad cómhgarach chuige gur imthigh an sagart as amharc agus nach rabh le feiceail acht aingle.
Thainig sgannradh ar na saighdiúirí agus theicheadar. Bheannuigh an sagart an tobar agus dubhairt go bhfuigheadh achan duine in dólas, sólas as an tobar seo. Sin an fáth go bhfuil leithead de mhuinghin ag na daoine sa tobar seo. Bhí oiread turasóirí ag teacht(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Baoghaill
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Nic Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Cniotálaí