School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 099
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Chuimín:- Sul a rannadh an talamh céad bliadhain ó shoin, bhí an baile seo na thalamh ingealta coitchianta agus "Cuimín" a bhíodh mar ainm ar áit de'n t-seort. Tá morán bailte de'n ainm sin fríd an chonndae seo.
Srath Gallaigh - Bhí an srath sin ariamh faoí thuillteacha agus deirtear nuair a bhíodh an tuile ag trághadh go mbíodh cuid mhór éisg go gallach éisg fágtha ar an talamh thirm.
Baile na gCreach:- Deirtear gurbh iomaidh luigheachain a rinneadh ar fir siubhail ins an áit iar-gcúlta seo agus baineadh "creach" daobhta. Marbhadh fear san áit seo cionnus gur dhiúltuigh sé tabhairt isteach do na Robairí Carraic an Óir:- Páirc carraigh an óir.
An baile na Garbh Abhainn:- Deirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach i n-áit éigin timcheall na carraice seo.
An Cill Ráin (Raithne:- baile taobh thoir dinn inar thóg Raithne (Deirbhshiúr Taobhóige) cillín no reilic. Tá fothracha na cille le feiceailt acht níor cuireadh aon duine le dhá chéad bliadhain ann. Ard na brice:- Alt ar an Fáil Gharbh. Tá fado ó shoin bíodh eallach féaraigh san áit seo agus bliadhain amháin fuair an t-eallach uilig bás acht bó bhreac amháin agus cómhnocadh sise fan ard sin agus tugadh an t-ainm sin air ó shoin i leith.
Cnoc na h-Amadán:- An Cnoc os ár gcionn. Thigeadh seachran ar daoine fa mhullach an chnuic seo agus ní bhíodh siad ábalta an baile a bhaint amach(continues on next page)- Collector
- Máire Brighid Níc Giollachaoil
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Cloghan, Co. Donegal