School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann am amháin darbh ainm Brian Ac Siofridhe agus a bhean. Bhí maighistir sgoile ins an áit agus tigeadh sé a amharc ar bhean Bhrian nuair a bhíodh Brian ar siubhal. Dimtig Brian an oidhche seo agus dubhairt sé le na mnaoí nach mbeadh arais an oidhche sin. Thainig maighistir na sgoile annsin agus buideal uisge beatha leis. D'ol siad cuid de'n uisge beatha. Annsin dubairt sise "Ó' is truagh nach bhfuil an molt dubh istigh againn.
Annsin tugadh isteach an molt agus marbhugadh é. Bruitheadh é annsin fuair a bhean cailin leis an molt a dheanamh réidh. Annsin dith siad a sáith tamall na dhiaidh sin thainic torman un dorais cé bhí ann acht Brian. Chuir an bhean an maighistir isteach i mbaraille agus an molt dubh isteach sa pota agus an tuisge beatha faoí sgala. Leigeadh isteach annsin é agus shuidh sé a chois na teineadh agus thuit sé na chodhladh. Leig aníos do do ceann ar mo gluin ar sise leis no tá cuma ort go bhfuil tú tuirseach agus codhluigh néal.
Tamall na dhiaidh sin d'éirigh sé agus dubhairt sé go rabh brionglóid. Caidé thainig ort ar sise, tá maise ar seisean rinne me brionglóid gur marbhughadh an molt dubh agus go bhfuil sé i bpota faoi'n dreisiur. Luighe síos agus codhluigh neal (?) níl dadaidh de sin ar sise. Bhí brionglóid eile aige na dhiaidh sin Dubhairt sé go rabh an maighistir faoí an bharaille agus an uisge beatha faoí sgala. D'éirigh sé agus fuair sé an maighistir faoi an bharaille agus an t-uisge beatha faoi an sgala agus an molt sa phota.
Fuair sé cnámh sa pota agus teacht sé an maighistir. Caidé dheánfidh sinn anois ar sise. Tá maise ar seisean gabh tusa a luighe agus leig ort fein go bhfuil tú an-tinn agus(continues on next page)- Collector
- Peadar Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- An Coimín, Co. Donegal
- Informant
- Seamas Mhac an Ultaigh
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Coimín, Co. Donegal