School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 228
- XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach do theip uirri í dhfághail. Chómh luath agus chuaidh Máire Ní Churráin go dtí an áit fuair sí an chloch chéadna, agus dhein sí an rud céadna agus a dhein sí an chéad uair. Do thárluig an rud céadna an triomhadh bliain. Deirtear gur mó duine a leighiseadh riamh ann. Deireann sean daoine go bhfuil iasc óir gan aon cheann air sa Tobar seo ar an Mináird, agus gur féidir é dh'fheiscint roimh breacadh an lae lá an Phatrúin (29adh lá de Lughnasa.)
(no title)
“Tá cloch mhór i bpáirc Sheamuis Phrindibhil, ar an Eaglais, sa pharóisde seo.”
Tá cloch mhór i bpáirc Sheamuis Phrindibhil, ar an Eaglais, sa pharóisde seo. Deirtear gur cloch bheannuighthe í seo agus go dtugtaí turas sa pháirc fadó. Tá poll i lár na cloiche agus loigín uisce ann. Do tugtaí an turas chun súile tinne do leigheas. Ar dtúis téightí naoi n-uaire timcheall na roilige in aice na h-áite agus ansan naoi n-uaire timcheall na cloiche. Uair amháin do chuireadh an chloch ar chlaidhe ach bhí sí thar n-ais san áit chéadna ar maidin, agus níor bhain aoinne léithe riamh ó shoin.
(Féach leathanach a 53---An Tobar Caoch.- Informant
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 93
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gleann na Mine Airde, Co. Kerry