School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 272
- XML “Suantraí na Maighdine Muire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Suantraighe na Maighdine Muire.Artha é seo a bhíodh ag daoine áirithe. Dá mbeadh duine i mbaoghal bháis deireadh bean na paidreacha seo, agus da n-eirigheadh léi iad a rá síos go deire gan dearmhad comhartha a b'eadh é go raghadh an duine i bhfeabhas.1: An chéad dólás a bhí ar an Maighdin Muire is í ag féachaint ar a leinbh nuair a rugadh i stábla é gan tig áitreabh ná baile.
hé hó héd síos dom a mhúirnín m'anama
hé hó héd sios dom a rí geal na bhflaitheas.2: An tarna dólás a bhí ar an Maighdin agus í ag féachaint ar a leinbh nuair a tháinig scéala ó Éigipt a bhreith leithe an leanbh.
hé hó héd síos dom... agus araile.3: An triomhadh dólás a bhí ar an Maighdin agus í ag féachaint ar an leinbh nuair a rugadh ar ghéaga air agus baineadh a léine dho gan taise.
hé hó ..agus araile.4: An cheathramhadh dólás a bhí ar an Maighdin agus í ag féachaint ar a leanbh nuair a cuireadh an choróinn spíonta air agus a chuid fola leis go talamh.
hé hó héd ...agus araile.(continues on next page)- Informant
- Brighid Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry