School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Turas na Maighdine Muire go hÉigiptNuair a bhí an Mhaighdean Muire agus Naomh Ioseph agus an leanbh Íosa ag teicheadh go hÉigipt bhí an lá fuar gaothmhar agus do bhain an ghaoth a brat de’n Maighdean Mhuire. Do bhuail bean úimpe agus d’iarr sí uirre an brat a shocrú uirthe agus snaidhm a chur air, mar bhí an leanbh Íosa aici féin. Do dhein an bhean amhlaidh ach bhí fhios ag Muire ná raibh sé déanta i gceart aici. Dubhairt sí leis an mnaoi, “Sonuachar maith chughat.” Ní fada a chuaidh sí nuair a scaoil sé arís agus bhuail bean eile annsan leó. Thárluig an rud céadna ach mó seadh dubhairt an Mhaighdean Muire an rud céadna léithi sin. Do bhuail an tríomhadh bean léithe agus dubhairt sí léi é a shocrú. Do shocruig sí sin i gceart é ach dubhairt an Mhaighdean Mhuire léi, “droch sonuachar chugat”. D’iarr an bhean uirre cad ‘na thaobh go ndubhairt sí é sin, gur shocraigh sí féin i gceart é. Dubhairt Muire léi ná buaileann lánamha máirth riamh ar a chéile ach go mbeadh duine acu go slachtmhar agus an duine eile gan aon mhaitheas ann.(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 57
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Bhánóg Bheag, Co. Kerry