School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mharbhóchaidís a chéile. Bhíodar ag cur mileán ar a chéile mar gheall ar chailleamhaint na loinge. Scaipeadh ansan iad mór dtimcheall an bhaile-duine nó beirt chun gach tig agus i gceann cúpla lá tógadh go Sasana iad.
- Fear darbh ainm Seán Breathnach a bhí 'na comhnuidhe i dtig mhór i gCnoc an Tighe (na Sidhe), agus do bhuail sé suas go dtí Faill Pilib lá Bealtaine. Do bhuail sé le bean bhreágh agus í na suidhe i ngleanntán ann. Dhruid sé isteach chun breith uirthi. "Coingibh amach uaim, a Sheáin Bhreathnaigh," ar sise, "tá do lámha is t'aghaidh gan ionnladh."
B'éigin do teacht abhaile an lá san dá héaghmuis. Bliain ó'n lá san chuaidh sé ar an turas céadna agus níor dhearmhad sé a lámha agus a aghaidh d'ionnladh sar ar imthig sé. Bhuail sé léi san áit chéadna 'na raibh sí bliadhain roimhe sin agus do thug sé leis abhaile í chun a thigh, ach dubhairt sí sin leis gan í bhreith amach go dtí Aifreann ná i measc na ndaoine go dtí go mbeadh sí lá agus bliain 'na fhochair.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Gailleabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Bean Uí Ghailleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Address
- Na Dúnta Thoir, Co. Kerry