School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 457
- XML “Scéal - Seán ach Séamais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lánamha ans tháchtach ann fadó. Aon mhac amháin riamh a bhí sa tsaoghal acu, Seánach Sheamuis ab ainm do. Tráthnóna breág Samhraidh nuair a bhí an ghrian ar buidheachtaint na spéire bhí Seánach Shéamuis ag seóladh a bhá agus do ghoid "Cliodhna an leasa" léithe é.
Bhí brón mór ar an athair agus an máthair 'na taobh agus bhídís 'á lord de ló is d'oidhche. Ana scoláire do b'eadh Seánach, agus do ráinig go raibh páipéar agus peann luaidh 'na phóca aige. Bhíodh sé ag scríobh ticéadaí gach aon lá agus 'á leigint le gaoith. Sé an rud a bhíodh sé ag scríobh ar an ticéadaí ná, ná raibh aon dul aige an áit seo d'fhágaint mar a dthabharfadh inghean Róis Móir nó an Dé Bhean nó Máirín Dubh ó íochthar na h-Éireann as an lios é.
Lá des na laetheannta do ghaibh an tAthair amach agus do ráinig leis ceann des no páipeirí d'fhághail ar an mbóthar. Do thóg sé suas é agus do léig sé(continues on next page)- Informant
- Nóra Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Baintreach
- Address
- An Gabhlán Ard, Co. Kerry